Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)

Suíomh:
Na Cruacha, Co. Donegal
Múinteoir:
Máire C. Ní Chinnéide
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 457

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 457

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cruacha
  2. XML Leathanach 457
  3. XML “Scéal - Na Triúr Iníonacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    d'imthigh sí léithe. Tháinig sí fhad le sean-chapall bán a bhí ar téad agus arsa seisean leí "athruigh mé, athruigh mé nó níor athruigheadh mé le seacht mbliadhna" ach níor thug an cailín faic áird air. Tháinig si go dtí claidhe agus arsa an claidhe " Caith cloch suas orm agus tóg ceann anuas dom mar ní dhearnadh sin liom le seacht mbliadhna" ach dubhairt an cailín " tá deifir orm", agus d'imthigh léithe. 'Shuidh sí annsin agus rinne a sgithiste ag bun crainn.
    Mhuscail an chailleach idir an dá am agus chroithnigh sí an cailín ar shiubhal - thug sí léithe an t-slat draoidheachta agus lean í. Tháinig sí godtí an reithe agus arsa sise " an bhfaca tu cailín ar bith ag dul thart annsin ar ball le mo wig wag, le mo rig rag, le mo dha mhála óir agus airgid " agus arsan'n reithe " chuaidh sí thart annsin ar ball"
    Tháinig sí annsin godtí'n sean-chapall bán agus chuir sí an cheist chéadhna air agus fuair sí an freagra céadhna, d'imthigh sí léithe annsin agus tháinig sí godtí an claidhe agus chuir an cheist chéadhna air agus fuair sí an freagra céadhna, d'imthigh sí léithe annsin agus tháinig sí godtí an claidhe agus chuir an cheist chéadhna air. Dubhairt an claidhe " chuaidh sí thart annsin ar ball" agus d'imthigh an chailleach nó go dtáinig go bun an chrainn. Chas an cailín duithe annsin agus bhuail an chailleach buille de shlat na draoidheachta uirthi agus rinne cnap salann duithe. Annsin chuaidh an chailleach abhaile arais le na cuid saidhbhris.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire C. Ní Chinnéide
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Kilrean, Co. Donegal