Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Donegal
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar lean ó leath 128
aca le dul isteach . Shéid an fear an fhideog agus thainig siad uilig fhad leis. Annsin tháinig inghean an rí fhad leis agus d'iarr sí air caidé'n dóigh a bhfuair siad cruinnigh iad.Dubhairt an fear nach n-innseochadh sé sin dithe agus nuair a chuaidh sí isteach chuig an rí ní rabh sí ábalta labhairt. An darna lá bhi inghean eile dá chuid dá choimhead agus tharluigh an rud céadna, agus nuair a chuaidh sé isteach chuig an ríogh ní rabh sí abalta labhairt. An tríomhadh lá bhí inghean eile dá chuid dá choimhead agus tharluigh an rud céadna, agus nuair a chuaidh sí isteach ní rabh sí abalta labhairt. Bhí an rí annsin agus bhí drochdhóigh air nó ní rabh a chuid ingeanacha abalta labhairt. Dubhairt an fear go rabbh tarbh sa domhan thoir agus da mbeadh giota de'n tarbh (???) agus thug sí don rí é. Fuair siad biseach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Kilrean, Co. Donegal