Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)

Suíomh:
Leac Chonaill, Co. Donegal
Múinteoir:
Séamus Mac Grianna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 377

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 377

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leac Chonaill
  2. XML Leathanach 377
  3. XML “Seanphaidir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. A Thighearna is mé an Créatur lag faoi ualach throm
    Da mhéad mo pheacaigh 's aithreach liom.
    Aidmhighim creideamh Dé go síor
    Le gradh mo chroidh 's le dochas fíor
    Ó chois na croiche, glaoidhim suas
    Fríd Íosa ar dTighearna, claoin anuas,
    Le maitheamhnas agus párdún in mo peacaigh - Amen.
    Tógadh an t-sean phaidir seo as coip leabhar Chrochuir Mhic Grianra. Paisde ins an 6adh Rang. Fuair Seamus an Paidir ó na athair mór - Domhnall Mac Grianra - atá na chomhnuidh ag Béarnas, Tearamonn, Co. Dhún na nGall. Tá Domhnall fa thuairim 75 bliadhna de aois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Crochur Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Domhnall Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Seoladh
    An Bearnas Uachtarach, Co. Donegal