School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 187
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí constábla i gConndae an Chabháin aon uair amháin agus chuaidh sé anonn go h-Albain agus fuair sé stáisiún ansin.”
(continued from previous page)“Tabhair damh iad” arsa’n bacach, “agus nuair a bhéas tú réidh liom-sa ‘sé an rud a chuirfeas an t-oifigeach dhá srtíoc ort ní amháin thú a bhriseadh”. Rachaidh mise síos go dtí an teach taibhirne agus ólfaidh mé luach an dá sgilling. Toiseóchaidh mé ag troid agus ag réabadh a bhfuil istoigh. Bhí tusa ‘do sheasamh comhgarach do’n teach agus cuirfidh siad éileamh ort. Tar thusa agus
bhí cinnte gan a’n constábla a leigean ‘mo chomhair ach thú fhéin. Beir thusa orm-sa agus béidh tamall streachailt eadarainn araon ar feadh tamall. Leagfaidh mise thusa agus leagfaidh tusa mise. Béidh muid mar sin ar feadh tamaill agus i ndeireadh ama éireóchaidh leat mise a fhághail taobh amuigh de’n doras. Streachail leat mé síos an t-spáid go dtí an bearraic”.
Bhí go maith agus ní rabh go h-olc, d’imtigh an bacach leis go dtí an teach taibhirne agus d’ól sé a sháith. Níor bhfada gur thoisigh an aighneas, agus ó’n bheagán go dtí an(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Ua Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 59
- Address
- Cill Fhathnaid, Co. Donegal