School: Straleel (roll number 16033)

Location:
Srath Laoill, Co. Donegal
Teacher:
Brian Ó Breisleáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 15

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 15

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Straleel
  2. XML Page 15
  3. XML “Gadaí Dhún na Slógha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Níor mhaith leis an rí cluiche a imirt leis an chailleach nó bhí fhios aige go maith go mbéadh an bhuaid leithise.
    I gcás ar bith thosuigh siad ag imirt. Ní rabh siad I bhfad ag imirt go bhfuair an cailleach an cluiche. “Tábhair do bhraith a chailleach” arsa an rí. “Tá triúr mac agat” arsa sise. “Caithfidh siad a dhul go dtí an domhan thoir agus an capall odhaire atá ag rí na tíre sin a thábhairt abhaile leobhtha”. “Nach dtig leat breitheamhnas níos fearr nó sin a thábhairt” arsa an rí. “Nuair atá na focla ráidhte” arsa sise. “Ní thig iad a thabhairt arais”. D’imthigh rí annsin.
    Bhí teach bhrónach I dtoigh an róigh an oidhche sin nuair a chualaidh na triúr mac go rabh aca le himteacht. Thosuigh siad fhéin agus an bhainriógan a’ chaoineadh. Ins an deireadh labhair an mac a b’óige dubhairt sé.
    “Imtheochaidh muid ar máidin I mbarach le cuideadh Dé agus ma’r mian le Dia é tiocfamuid abhaile slán”.
    Ar máidin an lá thar na bharach ghléas siad le h imtheacht. Ní rabh siad I bhfad ag siubhal gur casadh fear ortha a bhí anonn go maith in aois. D’fhiafruigh sé de na mac ca háit a rabh siad ag dul. D’innis siad san deireadh do fa dtaobh de’n chailleach. D’fhiafruigh sé daobhtha ar mhaith leobhtha eisean a bheith leobhtha. Dubhairt siad san gur mhaith. D’fhiafruigh siad dó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0953: The Old Robber Relates Three Adventures
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    An Charraig, Co. Donegal
    Informant
    Eamon Ó Gallcobhair
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Age
    75
    Address
    Killybegs, Co. Donegal