School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)

Location:
Meentanadea, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 5

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 5

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Teineadh Dé
  2. XML Page 5
  3. XML “Taiscidh Dhroim an Fhir Mhóir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deirtear go bfuil póta óir i bhfolach thall ar an chnoc sin ar a dtugtar "Druim an Fhir Mhóir". Tá an cnoc seo tuairim agus trí mhíle go léith ó bhaile, Árd an Rátha. Tá sé tuairim agus leath-mhíle ó'n bhealach mhóir.
    Tá fáthach cúrtha san áit seo. Nuair a chuir siad sa'n uaigh é deirtear gur chuir siad an póta óir seo faoi na cheann. Thig leat an áit seo a fheiceáil a bhfuil an t-ór i bhfolach. Thig leat é a fheiceáil agus tú i do sheasamh míle ó'n áit mar ath glás ar an chearnóg sin a bhfuil sé curtha, tá sé comh glás leis an gheamhair a bíonn ag fás ins an chuibhreann ins an t-Samhradh. Tá fraoch ag fás ar an chuid eile de'n cnoc. Tá fhios agat go bhfuil dáth donn ar an fhraoich agus ar an dóigh sin tá dath donn ar an chui eile de'n cnoc.
    Tuairim agus fiche bliadhain ó shoin, rinne cúpla fear as Gleann Domhain airracht leis an ór seo a fhághail
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maighread Ní Bhreisleain
    Gender
    Female
    Address
    Cró an Chaorthainn, Co. Donegal
    Informant
    Pádraig Mac A' Bháird
    Gender
    Male
    Address
    Cró an Chaorthainn, Co. Donegal