School: Cruach (roll number 15931)
- Location:
- Croagh, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Duibhir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach
- XML Page 125
- XML “Dóchas na Caillí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)b’fhada an lá marbh í ach is doiligh droch dhuine a mharbhadh. Indiaidh comh claoidhte is bhí sí ní rabh meath ar bith ar a teangaidh. Bhí bacach ag gabhail thart san áit agus bhí an t-iomradh go rabh crathan-feasa aige. Oidhche amháin bhuail sé isteach chuig an t-sean phéire seo agus d’iarr sé fosgadh an toighe go maidin. Dubhairt an sean-duine go bhfuigheadh agus míle fáilte ach go gcaithfeadh sé a dhícheall eolais a thabhairt, caidé a bhí ag caitheadh ar an t-sean-mnaoi.
Dubhairt sé go ndeánadh sé sin agus fáilte. Chuaidh se suas go dtí an leabaidh agus stár sé go géar eadar an dá shul ar an t-sean mnaoi agus leoga níorbh én deagh-fhocal a bhí ar bharr a teangaidh léithe. Sheasuigh sé tamall ag amharc uirthí agus í ag gabhail mur bhéadh muillean ann ag scianadh ó bhallaí na glóire. D’éist sé léithe fada buan. Fa dheireadh chraith sé a cheann agus shiubhal sé aníos agus síos fríd an teach. D’fhiafruigh an sean-dhuine dó caidé a bharamhal díthe.
“Droch bharamhal,” ar seisean. “Chuaidh an diabhal isteach idir dhá easna innte agus is deacair ar cóir a chur air”. “An bhfhéidir í a leagheas”, ars an seandhuine.
“Níl do leigheas uirthí,” ars seisean, “ach aon leigheas amháin agus tá an leigheas sin i bhfad ar shiubhal”.
“Innis domh,” ars fear an toighe,” agus dheánfaidh mé mo dhícheall le na fághail.”
“Tá crann creathach,” ar seisean, “ag fás amuigh(continues on next page)- Collector
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Seán a Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Meenacloy, Co. Donegal