School: Cruach (roll number 15931)

Location:
Croagh, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Duibhir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 124

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 124

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruach
  2. XML Page 124
  3. XML “Dóchas na Caillí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ins an áit seo fad ó shoin agus bhí sí iongantach cáibhtheach ann a h-óige. Ach deireadh na sean daoine I gcomhnuidhe, duine óg cráibhtheach gur sin adhbhar sean diabhal agus níl smid bhréige ann. Do réir mur bhí sise ag dul anonn I n-aois bhí sí ag éirigh cianach, corrach, colgach agus conafach. Bhí sí sáite as achan dhuine dá geastaoi uirthí, ach níor thruaighe aon dhuine ach an créatúr fir a chuaidh ann a cleamhnas.
    Ba é eisean a bhí thíos leis. Ní rabh teangaidh le tóghail aicí as. Bhí sí ag seinm agus ag síor-chainnt ó mhaidin go h-oidhche agus ó oidhche go maidin. Bhí an teangaidh a gabhail aicí mar béadh muillean gaoithe ann.
    Bhí sí na measardhacht i dtacha le h-olc fhad agus bhí breach-slainte aicí, ach bhuail broidhteacht í fá dheireadh agus chuaidh sí ‘un diabhal glan annsin. Níor b’fhéidir seasamh léithe nuair a ghlac sí an chlaoidhteacht. Bhí an fear bocht tógtha ó lár aicí, agus chan sin amháin, ach bhí sé sgriosta aicí.
    Bhí a sholathar saoghalta caithte léithe. Ní rabh aon áit thall nó i bhos dá gcualaidh sí doctúr nó liaigh a bheith nár cur sí garm ortha.
    Thug achan fhear a chineal fhéin comhgaisí duithe ach ní rabh gár ann. Níorbh b’fhéidir a cur ar a bonnaí. Dá mbíodh sí na duine mhaith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Seán a Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Meenacloy, Co. Donegal