School: Cruach (roll number 15931)

Location:
Croagh, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Duibhir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 134

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 134

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruach
  2. XML Page 134
  3. XML “Scéal fá Naomh Pádraig agus Oisín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal fá Naomh Padraig agus Oisin
    Nuair a bhí Naomh Padraig annseo i nÉirinn bhí Oisin an fear deireannach de na Fiannaibh ann fosta. Lá amháin thuit Naomh Pádraig agus Oisin 'un cómhraigh. Thrácht siad ar an cineal aimsire a bhíodh ann an t-am sin. Dubhairt Oisin le Naomh Padruig go rabh difir mór eadar an cineal aimsire a bhíodh ann annsin agus an cineal aimsire a bhí ann nuair a bhí seisean ina ghasúr. Dubhairt sé go mbíodh fuacht ar dheireadh Earraigh, baile ar dheireadh Samhraidh, clocha sneachta ar dheireadh Fóghmhair agus sioc ar dheireadh gheimhridh.
    Rinne siad móran trácht ar an aimsir eadair deireadh. Thug Naomh Padraig eolas dó fá'n créideamh fíor agus thug sé baisteadh dó. Bhí Naomh Padruig é fhéin ag éirighe aosta in a am agus bhí croisín leis. Bhí iarrain ar deireadh an croisín aige sa chluiche 's go gcoinneochadh sé greim ar an talamh. Nuair a bhí sé gabhail a thabhairt baisteadh do Oisin sháith sé an croisín ins an talamh agus caidé rinne sé ach an croisín a chuir fríd cois Oisin. Nuair a bhí an baisteadh thart thug sé fá dear caidé bhí déanta aige agus ars sé le Oisin, "Ca tuige nar labhair tú." "O Muise," deir Oisin, "shíl mise gur de'n bhaisteadh sin."
    Dubhairt Naomh Padruig leis annsin go dtabhradh sé amharc amháin dó ar Afrinn nuair a chonnaic
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Oisín (~27)
        2. saints
          1. Patrick (~489)
    Language
    Irish
    Collector
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Prionsus a Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Dúbinn, Co. Donegal