School: Meenacahan (roll number 6063)
- Location:
- Meenacahan, Co. Donegal
- Teacher: Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Meenacahan
- XML Page 265
- XML “An Cailín Cliste”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cleas ceadhna. Dubhairt an bhean nár chuir sise amach duine ariamh. Chuaidh sé a luighe i leabaidh na cludaigh. Nuair a tháinig an buachaill isteach d'fhiafruigh sé cé a bhí san choirneál agus d'innis a mháthair dó. D'iarr sé uirthí í a mhusgladh agus a suipéar a thabahirt díthe. Ach leig sise uirthi fhéin go rabh sí 'na codladh agus ní íosfadh sí a dhath. Chuir an buachaill neart eadaigh uirthí ar eagla go mbíodh sí fuar. Ar maidín d'imthigh an cailín agus cúpla lá in a dhiaidh sin posadh í fhéin agus a buachaill.
(no title)
“Bhí triúr Éireannach ann aon uair amhain, bhí siad tughtha dho'n ól.”
Bhí triúr Éireannach ann aon uair amhain, bhí siad tughtha dho'n ól. D'ól siad an oidhche seo go dtí san deireadh nach rabh siad ábalta níos mó a ól. Annsin na trí gloinne deireannaigh chuir siad isteach i mbuideál iad agus tháinig siad abhaile agus chuaidh siad 'na luighe. Nuair a bhí sé anonn san oidhche bhuail tart ceann acu agus d'ól sé a rabh san bhuideál. Nuair a d'éirigh an bheirt eile chuir siad ceist ar an fhear seo caidé a tháinig ar an uisge beatha. O tá arsa seisean bhuail tart mise aréir agus bhí mo chuadh ar an tóin agus(continues on next page)- Collector
- Róise Ní Cíonaoith
- Gender
- Female
- Address
- Meenybraddan, Co. Donegal