Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)

Suíomh:
Ardmore, Co. Waterford
Múinteoir:
Risteárd Neancól
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 015

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 015

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Leathanach 015
  3. XML “Caoineadh Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    deich scillinge duit agus do dhóthain as an buidéal sa. Thug sé an triúir fear leis suas go dtí tigh an duine uasail. "Bheul, tabharfaidh mé m'inghean duit" arsa an duine uasal má thá aoinne agat a rithfidh rás leis an mbean feasa, dul síos go dtí tobar trí mhíle taobh siar de Phortlairge fé dhéin buidéal uisge. Chuaidh an fear go dtí an triúir eile a bhí aige agus d'innis sé a scéal dóibh. "Fág fúm-sa" arsa fear na leath-coise.
    D'imigheadar leo iad araon agus bhíodar ag casadh ar an uisge. "Muise tóg aimsui a mhadán" arsa an bhean an-fheasa le fear na leath-chois. "Thugidís sa diabhal suidh síos agus déanfaimís ár reasc" arsa sí.
    Shuidhedar síos iad araon agus thuit fear na leath-choise dá chodladh. Nuair a fuair sí ina codladh é d'imigh sí léi agus bhí ingiorracht míle den tig nuair d'airigh fear na linntearach ag teacht í.
    "Ó Dia lem'anam" arsa sé. "Tá sí ingiorracht míle dúinn agus tá fear na leath-choise ina suain codladh síos le h-ais Portlairge".
    "Tóg t-aimsir" arsa fear an mhuilinn. "Chuirfidh mise í sin trí mhíle taobh síos den áit d'fhág sí". Shéidh séa chainncín agus chuir sé síos í Buidhe bFeadh í agus nuair a bhí sí ag gabhailt thar fear na leath-choise. D'éirigh sé agus bhí sé sa mbaile roimpe. Chuaidh an fear go dtí an duine uasal dos na bhasach cun a inghean d'fhaghailtcun í pósadh. Thug an duine uasal a raibh sa saoghal
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0513A: Six Go through the Whole World
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eibhlís Bean Uí Bhruadar
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 60
    Seoladh
    Crossford, Co. Waterford