School: Gleann Garbh, Lios Mór (roll number 1710)

Location:
Glengarra, Co. Waterford
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0636, Page 243

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0636, Page 243

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Page 243
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Is dócha go minic d'airigheas trácht ar an tinncéir sruaineach.

    (continued from previous page)
    bíodh aon eagla ort arsa Cloicleán, ní tabharfaidh an tinncéir a thuilleadh trioblóid duit. D-éirigh an searrach suas na capaillín deas, abair gur thug Cloicleán togha aireacháis dó. Caithimís sgéal gairid a dhéanamh anois de sgéal fada. Nuair a bhí sé trí bliadhain d'aois bhí sí fós gan coille annsan chuir Cloicleán i gcóir i agus nuair bhí sí ceithre bliadhain d'aois buadh sé céad rás i Mon Tirim in aice le Lios Mór, buadh sé an dara rás ag an Cul Ruadh gairid go leór d'on Eaglais agus buadh sé an triomhadh rás ag Páirc Eochaill gairid go leor d'on áit na toghadh é. Tom Tugh an ainm bhí air, leath bliadhain ón lá a bhuadh sé in Eachaill, ní raibh capaill in éireann ná in Alban ná i sean-Sasna ná raibh buaidhe aige annsan orduigheadh as cuis an ráis é agus cuireadh finéal mór i gcoinnibh aoinne a gcuireadh i rás arís é. Annsan tugadh thar nais go Baile na Tráigh é, ach má tháinigh féin coiméad i gcóir é, ach ar gur tuilleadh sé cuid airgead, bhí práinn in airghead i mBaile na Tráigh arís. Bhí duine uasal i sean-Sasna agus bhí sean muil aige agus ní raibh aon capaill i sean-Sasna ábalta rith ina choinne. Chuir sé dhá mhíle púint i gcoinne dhá ceud i gcoinne aon capaill in Éireann ach Tom Tugh. Connaic máigistír Baile na Tráigh an fógra sa pháipéir agus thóg sé noitheas Cloicleán é. Tógh suas, ars Cloicleán, agus fág an cuid eile cughamsa, cuireadh litreach triall ar an duine uasal go sean-Sasna, gá rádh leis, go raibh toilneach aige an capaill a chuir i gcoinne an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish