School: Gleann Garbh, Lios Mór (roll number 1710)

Location:
Glengarra, Co. Waterford
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0636, Page 202

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0636, Page 202

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Page 202
  3. XML “Eachtra an Bháis”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé timcheall ceithre fichid bliadhain d'aois agus bhí sé an-bhocht. Ní raibh aon rud le n-ithe aige ach blúire féir agus turnaipí gan bheith beirithe agus ní raibh aon leaba ach gabhail tighe fé gach aon oidhche. Bhí an fear ag dul a codhladh oidhche amháin agus ní raibh aon solas aige ach an gealach ag taithneamh isteach tríd an bhfuinneóg. Bhí sé ina codhladh ar feadh tamaill agus timcheall dó dhéah a cglog thánaig an bás taobh leis. "Dia dhuit a fear bocht" arsa an bás. "Dia dhuit is Pádraig" arsa an fear. "Is mise an bás agus tháinigh mé chun tusa, breith liom mar tá tú curtha, cráidte leis an saoghal seo, nó an mhaith leat maireactain tamall eile". "Maise ba mhaith liom" agus dúirt an bás go dtabhadfadh sé leath-bhliadhain eile dó chun a fiaca a dhíol. Bhí fiaca deich bpúnt ar an fear bocht sa mbhaile mór agus ní raibh oireadh is pingin ruadh aige in a póca. D'imthigh an bás annsan agus dubhairt sé go dtiocfadh sé fé dhéin an fear arís nuair a bheadh na sé mhí caite. Níor codail an fear bocht néal an oidhche sin mar bhí eagla air go scuabfadh an bás é tar éis tamall
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eamonn Uinnsudúin
    Gender
    Male
    Address
    Glengarra, Co. Waterford