Scoil: Bó Ros (Bouris)
- Suíomh:
- Glenbaun, Co. Mayo
- Múinteoir: Breandán Ó Lionáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bó Ros (Bouris)
- XML Leathanach 202
- XML “Turas Phádraig i gContae Mhaigh Eo”
- XML “Cruach Phádraig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- CRUACH PHÁDHRAIGAg an am sin ní Cruach Phádhraig an t-ainm a bhí ar an gcnoc úd, acht Cruachán Aigle: Agaill an t-ainm ar bhí an dá bharúntacht seo an uair úd - Agaill na gCroc ar an taobh seo de'n chuan agus Agaill Réidh ar an taobh thoir agus taobh thuaidh (?). Tharla gurb é an cnoc áirthid seo an ceann a b'aoirde ann. Tugadh Cruachán Aigle air. Is tar éis cuaird Phádhraig a h-athruigheadh an t-ainm go dtí Cruach Phádhraig.Nuair a bhí an Carrghaos caithte ag Pádhraig tháinig deamhain i bhfuirm éanacha dubha ag cur (?) air, acht bhuaidh sé ortha le teann paidreóireachta. Ar ndóigh bhí Dia buidheach dhe annsin agus chuir sé aingeal go dtí é (?) len a mhian a thabhairt do. Tá sé ráidhte gurb é an(?) a d'iarr Pádraig nach gcaillfeadh muinntear na h-Éireann an creideamh fíor go deó, agus é féin a bheith 'na bhreitheamh ortha Lá an Bhreitheamhnais mhóir(leanann ar an chéad leathanach eile)