Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mayo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bacach agus a bhean as iarraidh deirce fé'n dtuaith. Thug bean feilméara galún bainne dóibh lá. Tráthnóna an lae sin do shuidheadar sios ar thaobh an bhóthair mar bhí tuirse orra. Dubhairt an fear go raibh ocras air agus go h-ólfadh sé an bainne. "Ní ólfaidh tú an bainne" ars an bhean. Díolfaimíd an galún mór bainne nuair a rachaimíd ar an mbaile mór agus ceannóchaimíd cearc ar an airgead. "Béarfaidh an chearc uibheacha agus cuirimíd na h-uibheacha ar gor. Beidh mórán sicíní annsan againn agus nuair a fhásfaidh siad beidh go leór uibheacha againn. Díolfaimíd na h-uibheacha agus ceannóchaimíd gamhain ar an airgead. Nuair a fhásfaidh an gamhain sin beidh gamhain eile aici agus ní fada go mbeidh neart bó againn. Beidh neart airgead againn annsan. Tógfaimíd teach breágh mór agus beidh go leór daoine ag teacht isteach chugainn, agus beimíd go maith dos na boicht"
Do phreab an fear "Ní bheidmíd" ar seisean agus ní raibh an focal as a bhéal gur bhuail sé an galún bainne le na chois bhacach agus gur dhoirt sé an bainne.- Faisnéiseoir
- Seán Ó Paidín
- Inscne
- Fireann