Scoil: Ceathrú Thaidhg

Suíomh:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
Múinteoir:
Pádraig Mag Shamhráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 459

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 459

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Leathanach 459
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear ann fad'ó agus bhí go leor talaimh aige agus go leor ba....

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    go dtí an sgioból iad, agus bhaineadh a máighistir airgead as gach ceann de na ba mar gheall ar iad a bheith ag ithe a chuid féir.
    Bhí mac óg ag an bhfear eile agus níor mhaith leis aon duine é a fheiceal. Bhí sé fástaí suas ina bhuachaill láidir agus bhí na buachaillí ag teacht anuas gach lá ag féachaint a' mb'féidir leo é a fheiceál.
    An lá seo bhí an buachaill óg amuigh ag an teach agus é ag siubhal thart dó fhéin. Níorbh fhada go dtainic fear de'n mhuintir eile anuas agus chonaic sé an buachaill óg. D'fiafruigh an buachaill de'n bhfear a thainic anuas céard a bhí sé a iarraidh agus dubhairt an fear a thainic gurbh ag iarraidh na mbó a bhí sé.
    "Ní headh," ars' an buachaill óg, "ach ag iarraidh mise a fheiceál atá tú" ; agus ní dhearna sé ach siubhal comh fada
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú na gCloch, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Conghaile
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Ceathrú na gCloch, Co. Mayo