Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)

Suíomh:
Drumsleed, Co. Mayo
Múinteoir:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 214

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 214

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Droimslaod
  2. XML Leathanach 214
  3. XML “Ciste Óir”
  4. XML “Ciste Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fritheadh pota óir i Gleann Caiseal in Iorrus uair. Bhí fear bocht ag dul thart ag iarraidh déirce. Thainic sé go teac airithe agus leite min-coirce a bhí acu leis an dinnéar. Thug siad cuid dó i tóin an phota. Nuair bhí sé réidh thug sé fa deara go raib focla laidne scríobtha ar an pota. Léigh sé nac raibh taobh den toin níos fearr ná an taobh eile.
    D’fiafruigh sé annsin de muinntear a tighe cá bhfuair siad an póta agus d’innis siad dó an áit a bhfuair siad faoi an talamh agus é líonta le ór.
    D’innis sé dóibh annsin céard do scríobta ar an pota. Fuair siad spáid. Chuaidh siad go dtí an áit agus fuair pota óir chomh mór leis an ceann a bhfuair siad ar an taobh eile den tor.
    Bhí an fear bocht saidhbhir as sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brian Maguidhir
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Antona Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Seoladh
    Dooreel, Co. Mayo