Scoil: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
- Suíomh:
- Newport, Co. Mayo
- Múinteoir: An tSr Padraig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 20.6.'34
Seán Mac Giollaruaidh Baile Uí Fhiacháin Co Mhuigheó a d'innis an dá phíosa ina mo dhiaidh annseo dom. Mac feilméara atá ann. Ó sean daoine an bhaile a chuala sé iad, agús na gasúr. (?) Fear meadhon aosta atá ann faoi lathair.Lá amháin nuair abhí manach as Burgus Umhaill amuigh ag siúbhlóid dó féin, casadh an diabhal air i bhfuirm fir. Ach d'aithin an manach é. Fear an-naomhtha abhí ann agus mar gheall ar sin bé toil Dé go dtriallfadh an diabhal é. Nuair a thuig an diabhal gur aithin an manach é thosnuigh sé ag drannadh leis agus ag magadh faoi. Dubhairt sé go raibh an pápa i gcruaidh-chas, agus go raibh deire le na ré mar bhí an lamh in uachtar ag a naimhdhe air. Chuir an diabhal an manach faoi gheasa é d'iomchar (go dtí) ar a dhruim chomh fada leis an Róimh, go bhfeicfeadh sé le na shuile féin cén bhail abhí ar an bpápa. Rinne an manach amhlaidh mar bé sin Toil Dé freisin. Ar fairrge chuadar agus shiubhal an manach ar bharr na dtonntracha móra feargacha chomh éasgaidh is dá mba bothar mór mín abhí faoi na chosa loma. Níor bhain an diabhal an straois de féin ná níor stop sé ach ag magadh faoin manach bocht agus faoin bpápa i rith an ama.
Bhí eólas maith ag an diabhal an méid maitheasa abhí dhá dhéanamh ag an manach i measg daoine Bhurguis Umhaill. Mar gheall(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Mac Giollaruaidh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Mac feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Newport, Co. Mayo