School: Saighleán (roll number 6849)

Location:
Saighleán, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Pádhraic Puirséal
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0289

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0289

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Saighleán
  2. XML Page 0289
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Rugadh Pádraic O Gráinne, file, a bhí ina chómhnuidhe i mBaile an tSléibhe ...

    Rugadh Pádraic Ó Gráinne, file i bhí ina chónnaidhe i mBaile an tSléibhe timcheall 150 bliadhain ó soin. Fear oibre a bhí ann agus de réir is cloisim ní raibh mórán fóghluma aige. Bhíodh sé ag obair ag duine uasal a bhí ina chómhnnuidhe i bPoll an Iarainn, i bparróisde Cille Chonnla. San am sin bhí cuid mhaith de na huaisle scaipthe thart ar an gceanntar comhghárach do Cnoc Mágh agus bíodh cuid mór do buachaillí agus cailíní an cheantair ag freastal ins na Tigthe móra ar a lá páighe.
    Ag fear de mhuinntir Jennings a bhíodh Pádraic ag obair; Úilic a bhí air. Bhí mac ag Uílic agus cailleadh é. Dochtúir a bhí ann agus rinne Pádraic an t-amhrán Caointe "Dochtúir Jennings" faoi.
    Tá an t-amhran i leabhar amhrána chnuasaigh É Ní Choisdealbha bean an Dochtúra, tá ina chómnuidhe i dTuaim faoi láthair. "Amhrán Muigh Seola".
    Tá amhrán eile a chum sé ins an leabhar freisin: "Seán Óg O Ciardhnbháin"
    Scríobh sé nó ba cheart dhom a rádh, chum sé amhrán eile faoi bheirt chailíní a cailleadh san bportach oidhche dhubh dhorcha agus iad a teacht abhaile siar ó Thuaim. Chuaidh siad amúgha ar an mbealach agus báitheadh iad i dtrínse inaice le Cluanach Mór míle siar ó theach na scoile seo.
    Fuair mé cuid de na Béarsa Ó Thomás Ó Crábháin buachaill scoile tá in a chómnnuidhe in aice leis an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó Crabháin
    Gender
    Male