School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Léon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 129
- XML “An Gasúr Sí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)féin nó aon fhear eile". Nuair a chualaidh an fathach seo chuir sé fearg air is dubhairt sé, "Mur bhfuil tú ábalta sin a chruthughadh anois ní bhéidh mé i bhfad ag cur deireadh leat". Léim an gasúr amach sa loich is shnámh ó chionn go cionn. Nuair a thainig sé isteach d'iarr sé ar an fhathach sin a dheánadh má bhí sé ábalta. Rinne an fathach mangadh gáire is léim sé amach sa loich. Nuair a fuair an gasúr amuigh i lár na loiche é chaith sé an slámán créafóige amach sa loich. D'éirigh an loch i n-a cnap teineadh is ní bhfuair sé cead corruighthe amach as gur bruitheadh is gur dóghadh i n-a smálacha é.
Le sin rinneadh an racht mór gáire le taobh an ghasúir. D'amharc sé thart is cé a bhí ann ach an cailín a chonnaic sé ins a' bhrionglóid an chead oidhche, an cailín ceudna a bhí sé ag iarraidh a shábhail.
Thainig siad annsin go h-áitreadh an t-seanduine agus d'fág slán agus beannacht aige agus thug buidheachas dó. Thug an cheairtlín go talamh airíst(continues on next page)- Informant
- Máire Nic Bhreartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Address
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Seaghan Mhac m mBriartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 39
- Occupations
- Feirmeoir
- Saor adhmaid
- Address
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall