Volume: CBÉ 0370
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)siad Éamonn ’ac Gabhrán air. Bhuail bean an toighe suas i gceart lé h-Éamonn. Bhí an bheirt iongantach mór lé céile.
Níor chuir an fear sonnradh ar bith annseo na bhí sé féin go maith do agus é aca faoi na páistí.
Aon uair amháin is cosamhail go dteachaidh Éamonn ac Gabhrán a chur chleamhnuis ar Chaithlín. Dubhairt sé gur
dheas an bheirt imtheacht, "Caitriona", a bheireadh siad uirthí - agus Conall 'ac Aodh
fhágail ba seo an fear a bhí aicí.
Rinne siad amach cuireadh a chuir ar Chonall agus ar Chaitriona oidhche
éighinteacht a d’áirneal toigh Éamoinn 'ic Gabhráin. Agus go ndéanfadh sé féasta mór leobhtha agus nuair a bhéadh
an feasta caithte Conall a mharbhadh.
Tháinig an sgéala fá choinne Chonaill. Rinne sé féin agus Chaitriona réidh agus
chuaidh an bheirt toigh Éamoinn ’ic Gabhráin. Bhrúithiughadh póta breágh feóla
annsin agus póta préataí; d’ith siad(continues on next page)