Volume: CBÉ 0370
- Date
- 1937
- Collector
- Location
On this page
- (continued from previous page)39
loch-an-lubhair. Bhuail breóidhteacht an
duine grádhna agus b’éigean do fanacht
’sa bhaile as Albain agus bhí sgaifte mór
páistí aige. Nuair a tháinig an t-Smhain
bhí locht na bhfioch ag iarraidh a gcuid
féin air agus ní rabh aon phighinn lé
tabhairt díobhtha agus ní rabh ag an
duine ghrádhna ach an bhó dhíol agus
é thabhairt do locht na bhfioch. Tháinig
sé ’na’ bhaile an oidhche sin o’n aonach
iongantach buadhartha brónach agus bhí
sé a’ coimheadh ar nead bheag na bpáistí
’na suidhe thart fan teinidh. Bhail
tcífeadhmais-inne Nuair a bhéadh coinín
ag innse an sgéil sin; shílfeadhmais go
bhfeicfeadhmais roimhe ar súile an pioctúir
sin na páistí na suidhe thart fa'n
teinidh agus gan suipear ar bith lé
faghail an oidhche sin aca. Agus is
cuma goide an chuideachta a bhéadh
mais a dhéanamh rith na oidhche
roimhe sin; smaoiteachadhmais gur thruagh
muid féin a’ gabhail a luighe gan ar(continues on next page)