School: Dubh Achadh/Dooagh (B.)
- Location:
- Dooagh, Co. Mayo
- Teacher: S. Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tháinig sí chugam ina haisling bréige,
A d’fiosruig a chéad-fhear clanna dhíom,
Mar thiocfadh cailin deas a’ mealladh céile,
Is mar ceo a tsléibhe d’éalaigh uaim.Páirt le mo dhonas ariam gur phós mé,
Bean gan eolas is mé i bhfhad ó thír,
Céile gan cumann ar mhalluigh an t-órd dí,
Ní beinn-sé brónach is a bheit-dhá díth,
Siubhal mé Sasana is páirt d’Éire,
Roinn d’Egypt ‘gus an Gearmáin,
Is a liachtaí maigdean óg ariamh a bhréag mé,
Is gan a dhul dá pléidh leat a Anna Mór.Nach cruaidh mo leabaidh is nach tanaidh m’éideadh,
Is nach bocht an ceim ag a bhfuilim beo,
Faoi gur phós mé an chaile ar aon chor,
Nach dtiubhradh braon dom de bhainne bó,
A Seagháin Ui Mháille bheirim a bhárr duit,
Ó’n gcrích fáil is ó’n domhan go leir,
Ar mhaith ar mhúineadh, ar chliú gan áireamh
Ar shinteanas láimhe do bhocht is do thréan.Seagháin Ua Maoláin tháinig as Dún na nGall go hAcaill uair.- Collector
- Séamus Ó Gallchobhair
- Gender
- Male