School: Dubh Achadh/Dooagh (B.)

Location:
Dooagh, Co. Mayo
Teacher:
S. Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0086H, Page 02_015

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0086H, Page 02_015

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubh Achadh/Dooagh (B.)
  2. XML Page 02_015
  3. XML “Na Gadaithe”
  4. XML “Seán Ua Maoláin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí suaimhneas annsan ag Gar-lámhach agus thoisigh sé ag tógáil tighe nó cúirte dhó féin. I mBéal an Átha Salaigh thóg sé é. Rinne sé clais an mhór na timcheall – 9 dtroighthe ar leithid agus 9 dtroighthe ar aoirde. Tógadh na clocha agus rinneadh garrdha gabhain diobhtha dhá mhíle siar ó Dubh Guirt.
    Ar oileán beag in-aice Dubh Guirt, rinne Gar-lámhach daingean eile dó – ar oileán Dún Mór – rinne sé ceitre tighthe tuas ar a bhárr.
    Ursana cloch – cúig troighthe ar airde agus de réir mar a bhí sé éirigh bhí sé ag leathnú. Ní raibh an ceap-táirsighe acht 18 orlach ar leithead.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Seán Ua Maolán
    Fear as Dún na nGall a phós bean as Acaill. Caighnéara bhí ann. Bhíodar na g-comhnuidhe i Sliabh Mór. Tá áit a thighe ag Seán Mac Aodha – Dumhaich Each. Fritheadh rudaí a bhaineas le caighnéaracht suim bliadhanta ó shin.
    Troid uathbhasach idir a féin agus a bhean chéile. B’eigeán? dhá leath do dhéanamh de’n éadach na leabtha.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Gallchobhair
    Gender
    Male