School: Kilkishen, Sixmilebridge
- Location:
- Kilkishen, Co. Clare
- Teacher: Pádraig Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cúpla bliain ó shoin bhí fear ag tocaile uaige í Cill-Mhuire do dhuine éiginn. Ta sé sin míle go leith siar ón sgoil. An fhaid a bhí sé ag tocailt fuair sé bonn agus chuir sé in a phóca é. Nuair do chuaidh sé abhaile do thug sé d'á mhuinntir é agus annson to chuir sé ar an driosúr é.
An oidhche sin nuair a bhíodar go léir 'na gcodhladh do thosnuigh a lán fothruim sa tigh. Nuair d'éirigheadar ar maidean bhí léar scrios deanta. Bhí na cathaoireacha tímcheall na cisteanach, bhí an bórd síos suas, bhí na cupáin agus na fo-chupáin briste, bhí an tslú briste. Bhí clog sa driosúr ná raibh ag obair ar feadh deich mblian roimhe sin agus do thosnuig sé sin ag obair.
Níor chuir sé morán suime ins na neithibh iongantacha san an chéad oidhche acht go ceann cúpla oidhche. Bhí an rud céadhna(continues on next page)- Collector
- Bernedet Ní Néill
- Gender
- Female
- Address
- Kilkishen, Co. Clare