School: Coolroe, Tinahely
- Location:
- Coolroe, Co. Wicklow
- Teacher: Mrs Lush
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Coolroe, Tinahely
- XML Page 240
- XML “Rath ar an Ógfhear”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)240
Rath ar an Óig-fhear.
Bhí bean ann is bhí tr uir mac aici. Bheartuigh an mhac ba shine aca go dtógadh sé an saoghal mór air féin ag iarraidh a fhortúin agus adubhairt sé le n-a mháthair - "Marbhuigh coileach is déan cáca aráin dom", agus adubhairt a mháthair leis dá fhreagairt, "Taéir síos go'n tobar is líon an criathar le h-uisce". Déan an mhac amhaidh, ach, chinn air an criathar a líonadh. " Gabh londubh an bealach is mhol sé dó caonach is láthach do chur i dtón an chriathair. Dhéan sé fé mar do cómharluigheadh dó is líon sé an criathar. Tháinig sé go'n a mháthair agus adubhairt sé leis annsan "Crota a b'fhearr leat an cáca mór agus mo mhallacht nó an cáca beag is mo bheannacht?" Thug a mac le tuisgint dí go mb'fhearr leis a cáca mór is a mallacht.
Annsin thóg sé bóthar is bealach air féin ag iarraidh a fhortúin. Ní fada ag taistil é gur ráínig scéala dó go raibh sé d'intinn ag inghean rí na tíre pósadh is go bpósadh sí cibé duine a d'fhéadfadh long a dhéanamh gur cuma léithí muir nó tír.(continues on next page)- Informant
- Siobháinín Ní Thuathail
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Address
- Coolroe, Co. Wicklow