School: Kilcormac (B.)
- Location:
- Kilcormac, Co. Offaly
- Teacher: M. Ó Ciardha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá tobar beag ar an ó taobh amuigh den bhaile, tobar ar a mbíonn tracht uma' (?) gcuaird. Glaodhtar tobar Chormaic air. Is dócha gobh fuil baint éigin aige le h-ainm an bhaile. Pé sgéal é creideann na daoine gobh fhuil cómhacht in uisge an tobair seo. Tá sé suidhte ar thaobh bhóithrín ar dtugtar "Bóthar Bhaile Chlachain". Tagann an t-uisge as an d'talamh fé bhun chloich mhóir agus ritheann sé isteach i srúthán. Is iomdha rud atá le feisgint tímcheall na h-áite mar isé an creideamh atá ag baint leis an áit ná go leighseann uisge an tobar duine ar a bhfuil aicíd ar bith ach uisge an tobair adh ól agus rud éigin mar píosa éádaig nóleabhar urnaighte d'fhágaint 'na dhiaidh. Dá bhrígh sin tá rudaí annso is annsúd agus tá siad ag dul iméid in aghaidh an lae