School: Foulkestown
- Location:
- Foulkstown, Co. Kilkenny
- Teacher: Nóra Ní Chostagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Foulkestown
- XML Page 232
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean 'na comhnuidhe i gCatterstown Lane
agus tháinig fear stróinséara go dtí an tig agus d'innis dí go raibh bean breoidte idtig amuig agus gur mhaith leis go ragadh sí cun fóirithín uirrí. Bhuail sí amac 'na theannta. Dubhairt sé lei aon bronntanas a thabharfaidis dí a chaitheamh ar thor a bhí lasmuigh de'n tig. Bhí siad ag siubhal isteach i Hehir's Rath, nuair fuair sí í féin idtig agus bean breóidhte os a comhair amac. D'iarr an bhean bhreóidhte uirrí ungadh a chimilt dí. Nuair a bhí an t-ungadh cimilte dí, do bhraith an bhean cabhartha súil lei agus tocas innti. Chuir sí an lámh go raibh rian de'n ungadh uirri leis an súil agus comh-luath agus do chuir ní raibh an tig ann a thuilleadh act an ráth agus puill ar a fhuaid agus daoine beaga ag féacaint amac asta. Sar ar chuir sí a lámh leis súil thugadar shawl dí. Chaith sí an seál ar an dtor agus do laisceadh láithreach é. Tamall fada in a dhiaidh sin bhí sí i siopa buistéard da'r ainm Hudson sa mbaile mór agus chonnaic sí an fear céadna sa t-siopa. Chuaidh sí cun cainnte leis agus do chuir sí i gcuimhne dó an lá do chuaidh sí cun chonghnamh do thabhairt do'n mhnaoi breóidte.
"Cé aca suil le'n a bhfeiceann tú mé" ar seisean.
"Cím leis an ndá shuil tú is doca" ar sise(continues on next page)- Collector
- Eibhlin Ni Chearnaigh
- Gender
- Female
- Age
- 13