School: Teampoll an Ghleanntáin (C.) (roll number 2358)
- Location:
- Templeglentan, Co. Limerick
- Teacher: Meadhbh Ní Ghormáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teampoll an Ghleanntáin (C.)
- XML Page 298
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Na Ceithre hAspail is sinne...”
Na ceithre h-aspoil is sinne,
na ceithre h-aspoil is óige,
na ceithre h-aspoil is mó gradam i gcathair na glóire
Íosa Chríost is Muire gheal ghlormhar,
go ndeinidh sibh daon (cabhair)'s d'oidhche is ló dúinn.(no title)
“Bhí duine uasal ann tráth agus bhí sé ag lonnughadh i gcaisleán.”
Bhí duine uasal ann trách agus bhí sé ag lonnughadh i gcaisleán. Bhí sé pósta agus bhí mac amháin aige. Nuair a bhí an leanbh an óg bhí ar an duine uasal dul chun catha agus taréis tamaill do gonadh é agus cuireadh fíos go dtí an caisleán á rádh le na mhnaoi dul chun é fheisgint. D'fhágh sí an mac fé curamh banaltran an mhairc a bhí aici agus dubhairt sí léi gan é do leirgint in aon áit.
Aon lá amháin tháinig ceóltóirí go dtí an áit agus chuaidh na seirbhísigh. Go léir amach ag eisteacht leo agus bhíodar ag iarraidh an bhanaltra do bhreith amach leo acht ní rachadh sí. Sa deireadh bhí sí cráidhte uartha agus chuaidh sí amach. D'fhág sí an leanbh in a(continues on next page)