School: Ballintotas (roll number 15165)

Location:
Ballintotis, Co. Cork
Teacher:
Tadhg Ó Coileáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0395, Page 294

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0395, Page 294

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ballintotas
  2. XML Page 294
  3. XML “Comharsanacht na Scoile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá an scoil suidhte leath-mhíle nó mar sin ar an dtaobh teas de'n bhóthar mór ó Mhainistir na Coran go h-Eochaill - trí míle slighe ar an dtaobh thoir de Mhainistir na Coran, agus agus dhá mhíle slighe ar an dtaobh thiar de Bhaile na Martra. Ceanntar mín cómhréidh atá annsan, agus do dhuigfí ó's na h-ainmneadcha atá ar bhailte fearauin sa cheanntar fé láthair go raibh an machaire go dlúth fé choilltibh san allódh.
    Gairid do'n scoil tá loch agus baile fearann, ar a dtugtar Loch a Doire (Loughadeerra), (The lake of the oak wood). Ní'l le feicsint anois ach foth-chrann daraighe suarach.
    Láimh leis an loch san ar an dtaobh thuaidh, tá baile fearann eile ar a dtugtar Cnoc na Stúmpán, (Stumphill). A líonmhaire 's a bhí stúmpaí na gcrann ann fé ndear an ainm sin.
    Thuigfí leis na h-ainmneachaibh seo thuas go dtáinig meath ar na coilltibh ar chuma éigin sa cheanntar so, agus gur dóichighe gur deineadh scrios ortha os na coigcríochaibh, mar deineadh i gceanntair nach é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Ballintotis, Co. Cork