School: Aghalustia (roll number 12484)

Location:
Aghalustia, Co. Roscommon
Teacher:
Máire Ní Dhubhthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0241, Page 008

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0241, Page 008

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Aghalustia
  2. XML Page 008
  3. XML “Cúirt an Chruinnéain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    meisge agus leig sí amach an rún. Thuit sí in a codladh annsin agus nuair a dhúisig sí bhí an buidéal imthighthe. Bhí brón mór uirthi annsin agus so bhath sí í féin san bpoll bán.

    Cheap a lan daoine go bhfuighead siad féin an buidéal draoidheacta san gcaisleán agus maidin lá ar na bharac chuaidh a lan aca go dtí an Cúirt. Nuair shroiceadar an áit bhí gach duine ann marbh agus bhí an áit lán de dheathach agus bhí toirtineach agus teinntreach ag teacht amac as. Tháinig sgeon ortha agus chuireadar cuireadh chuig an sagart i mBealach a- Dóirín teacht acht dubhairt sé nac raibh an áit in a pharoiste agus ní rachadh sé. Chuireadar cuireadh chuig an sagart i Lios-a-Coill annsin agus dubhairt sé nach raibh an áit in a pharoiste agus ní racadh sé. Chuadar go dtí an sagart i gCill Mobhí acht bhí an sgéal ceadhna aige.
    Bhí manaigh bhochta i gCoillte Meadhon agus thángadar go dtí an áit. Thosuigeadar ag guidhe. Tháinig fear mór le súil amhain i lár a chlar-eadáin as a gcomhair. Dubhairt sé gur Cruinneán mac do Balor é. Thug sé dhá sparán doibh annsin agus dubhairt sé leo gur daoine macánta muinntear na Cúirte
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Location
    Crunaun, Co. Roscommon