School: Cill Rialaigh (roll number 14988)
- Location:
- Cill Rialaigh, Co. Kerry
- Teacher: Séamus B. Ó Lúbhaing
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nó a bhlaisfeadh aon ní as ní fhéadfaí iad a choimeád amach as. Tá coinleac ana dheas againn, agus “Coinleac na Nóiníní” a thugtar air mar tá mórán nóiníní ann agus aon uair a bheadh na ba istigh ann bíonn bainne ana dheas acu. Nuair a bhíonn mo mháthair ag crú na mbó bíonn sí ag amhrán, deirtear gur crúdhtóir mhaith an a bhíonn ag crú na mbó agus é ag amhrán. Tá seana-fhocal ag baint leis an mbó a dhoirteann bainne “Ná bac aon bhó a dhoirteann a cuid bainne,” agus deirtear nách ceart aon t-suim a chur ann ná aon díobháil a dhéanamh do’n bhó mar go mbíonn an bainne sin ag teastáíl ó dhuine eile. Nuair a bhíonn mo mháthair ag comáint na gamhna deireann sí “preith” agus nuair a bhíonn an bhó sa t-slighe ar mháthair deireann sí “ceartuigh”. Nuair a bhíonn sí ag glaodhach ar na turcaithe deireann sí “bia, bia, bia”. Braighdeáin a tugtar ar na ceangalacha a bhíonn ar na ba agus ar na gamhna. Deintí na braighdeáin sin fadó ins gach tigh. Cró a tugtar ar an dtigh na mbíonn na ba istigh ann. Cuirtear aitean, fionán agus raithneach fé’s na ba. Itheann siad féar, coirce, agus prátaí. Stábla a tugtar ar an dtigh na mbíonn an capall istigh ann(continues on next page)
- Collector
- Síle Ní Laoí
- Gender
- Female
- Address
- Bólas, Co. Kerry
- Informant
- Máighréad Ní Mhurchadha
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Bólas, Co. Kerry