School: Cill Rialaigh (roll number 14988)

Location:
Cill Rialaigh, Co. Kerry
Teacher:
Séamus B. Ó Lúbhaing
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 438

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 438

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Rialaigh
  2. XML Page 438
  3. XML “Dómhnall 'ach Seáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    dtráig agus do chonnaic sé chuigis ag teacht treasna ó Oileán Dairbhreach dhá shamhail fé mar a bheadh cocaí féir. Do dhéineadar díon díreach air. D’fhiafruigh cé mar short iad. “Sórt nách baoghal duit-se Dómhnall 'ac Seáin” ag tabhairt an freagra ortha. Do bheir sé do’n diabhal iad. Thug duine acu fuadán air d’iarraidh a leaghadh san iallait. Do tharrang sé chuigis a ráipéar agus sháith sé agus níor fhéad sé an ráipéar do tharrach as an samhail. Do ghread sé leis agus do lean an t-samhail eile é chun do shrois sé an baile. Comhla dúbailte a bhí ar an stábla agus do chuir a chapall isteach agus do thuit sé ar an láthair sin leath istigh agus leath amuigh an t-anam sa leath istigh agus í imthighthe as an leath amuigh. Dheaghaidh sé isteach abhaile annsan agus do ghlaodhaidh ar a bhuachaill. Dubhairt sé leis gur chaill sé an ráipéar san áit sin áirithe agus bheith chuigis sar a geóbhadh aoinne eile an bóthar.
    D’imthigh an buachaill bocht agus gan aon chúntas ar an nídh aige. Do bhuail crúdh leis. Do bhíodar ag bualadh leis chun gur bhuail na cheithre cinn leis agus do bhuail hata a mháistir leis. Do bhuail a ráipéar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó Conchubhair
    Gender
    Male
    Age
    75
    Occupations
    Feirmeoir
    Iascaire
    Address
    Buaile Uí Chuill, Co. Kerry