School: Cill Rialaigh (roll number 14988)

Location:
Cill Rialaigh, Co. Kerry
Teacher:
Séamus B. Ó Lúbhaing
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 430

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 430

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Rialaigh
  2. XML Page 430
  3. XML “Giollas na gCos Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    acu le fuadach anocht agus ná féadfaidís an gnó do dhéanamh gan fear beó na dteannta.
    Do thoiligh Giollas leis. Do ghluaiseadar ortha annsan trí chnuic is sléibhte agus i n-áiteanna chaithfidís an fhairaige a chur díobh. Do bhíodar ag cur díobh gur ghabhadar thar pálás mór. D’fiafruigh Giollas cad é an áit bhreágh é seo. Dubhradar leis gurb é seo pálás a’ Phápa. “Is maith mar a thárla “ arsa Giollas. “Bhí sagart maith paróiste sa bhaile againn agus do cuireadh stop air i dtaobh an Aifrinn do leigheamh mar gheall ar é bheith ró-mhaith dos na daoine bochta. Dá bhféadfainn dul isteach b’fhéidir go bhfaighinn párdún dó ó’n bPapa.” “Cuirfead-sa isteach tú trí pholl na h-eochrach”, arsa duine acu “agus mara ngeallfaidh sé an párdún duit abair leis go gcuirfir an pálás tré theine agus ní túisce a bheidh an focal as do bhéal ná beidh sé déanta agam-sa agus má’s mian leat é a mhúchadh, labhair agus múchfad-sa é.”
    Chuaidh sé isteach sa t-seomra. Is amhlaidh a bhí an Pápa annsan suidhte ar chathaoiir, bonn a dhá chois leis a’ dteine agus é ag léigheadh leabhair. Tháinigh dhá shúil do nuair a chonaic sé an stracaire bocht so. D’fhiafruigh sé de Ghiollas cad a thug é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maidhchín Shéainín
    Other names
    Maidhchín Shéainín
    Mícheál Ó Siochfhradha
    Gender
    Male
    Age
    31
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Buaile Uí Chuill, Co. Kerry
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Baile an Sceilg, Co. Kerry