School: Cnoc na Bró

Location:
Knocknabro, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Scannaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 636

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 636

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc na Bró
  2. XML Page 636
  3. XML “An Buachaill Simplí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    de bhárr Flaithis Dé nó Ifreann. D’imthig an teachtaire agus do dheachaidh sé cun cinn.
    Do tháinig sé go cúirt mór dá raibh agus bhí fear a geataigh roimis. Annsan dúbhairt fear a
    geataigh leis go raibh fhios aige cad a thug é cun a mháithir agus a athair d’fheiscint. “Teasbáinfheadh duit anois iad” ars’ fear a geataigh má aithnigheann tú iad. Thóg sé leis é agus do bheir a lámha a bhí i mbun na cúirte agus ní raibh oiread ná eile annsan acht préacháin dúbha, d’íarrfaid sé de annsan an aithneóchadh sé a athair is a mháithir eatorra.
    Dúbhairt sé ná aithneocfadh act fear mór láidir a beadh a athair agus beanín beag giobalac a beadh a mháthair. Dúbhairt sé leis annsan gurab é an preacán píopánac a beadh a athair agus an précháinín beag giobalach a mháthair. Bíodh na préacáin eile ghá phriocadh sa giobail. Dúbhairt sé leis annsan an teactaire do bheith do’n gabha. Dúbhairt sé leis gan buille mhoc a’ Luain ná buile déidheanac a’ tSathairn a bheith aige agus go mbeadh an ráth air.
    Dúbhairt sé le fear a bhraoin anuas an teach a striopáil agus an díon a cur
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Language
    Irish