School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ná raibh tímpeall na cúirte an oidhche sin chun a ndóthain le n-ithe 's le n-ól d'fhagháilt. "Seadh, "arsa Céadach, "raghad-sa leis le bacachas."
D'imig sé 's thug se leis a mhaide. Do dhein sé isteach ar na bacaig, is bhí sé a' sáth' roimis go doras. Do thairrig bacach air le pléasc dá mhaide. D'ionntuig Céadach air, is leath-mhairbh sé é le stráiméad dá chuaille féin, is níor b'é sin amháin, ach gach a raibh ann díobh, an fhaid a bhí an néall air, is bhain sé an doras díobh go léir. Do bhuail sé hainnse ar an ndoras, dá mhaide annsan, 's thainig seirbhíseach amach.
Dúbhairt sí leo fanacht socair, is go bhhfaighidís go léir a ndóthain. Chuaidh sí isteach arís ach níor shásaimh a cuid bladair Céadach. Do thairrig sé ar an ndoras an tarna h-uair is tháinig sí arís. Do labhair Céadach léithi is dúbhairt ná glacfadh se féin faic mar a bhfaghadh sé amach as láimh na bainríoghna féinig é. Cuaidh an seirbhíseach isteach aris is d'innis sí de'n Rí féin cad a dúbhairt an bacach ag an ndoras.
Do tháinig an bhainríoghan óg amach ar deire is corn 'na láimh aici. Bhí an corn lán is shín sí chun Céadaig é. Do ghlac Céadach(continues on next page)- Collector
- Peig Bheag Ní Dhéada
- Gender
- Female
- Informant
- Pádruig d' Mórdha
- Gender
- Male
- Age
- 90
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry