School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 234

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 234

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 234
  3. XML “Cill Ghobnait”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D'imthigh sí agus níor dhein sí stad ná staonadh go dtí go dtáinig sí go dtí an chill. Insan áit sin do bhuail trí cinn de na cointe léi agus do thóg sí an céud teampall annsan agus d'fhan sí ann go dtí go raibh na trí bliadhna suas. D'imthigh sí léi arís agus ag Baile'n Mhuilinn do bhuail na sé cointe léi agus thóg sí teampall eile annsan. D'fhan sí ann ar feadh tamaill eile annsan d'imthigh sí léi airís agus bhuail na naoi gcointe léi ag Baile an Mhúirne agus annsan a thóg sí a priomh teampall.
    Tugadh sí turas ar Bhaile'n Muilinn agus ar Chill Gobnait anois is airís. Uair amháin nuair do bhí sí ag teacht deirtear gur bhain saighdúirí Chromaill léi agus gur rith sí suas ar bharr cnuic uatha agus gur dhein sí liathróidí móra iarainn de na clocha agus go raibh sí dá gcaitheamh anuas ortha sa tslighe nár bhféidir leo dul ináirde cúiche. Deirtear go bhfuil ceann de na liathróidí san le feiscint insan tsean-fhothrach atá i mBaile'n Mhúirne agus go bhfuil leigheas innti. Uair amháin thug duine léi í chun leigheas do dhéanamh agus nuair do bhí an leigheas deunta aice chuir sí isteach insan gcórtha í agus chuir sí an glas air. Tamall 'na dhiaidh sin bhí sí ag teastáil uaithe agus nuair a chuaidh sí ag triall uirthe ní raibh sí le fághail aice. Chuaidh sí go dtí an teampall agus bhí sí ann roimpe agus bhí sí greamuighthe isteach insan bhfalla agus níor bhféidir léi í do thógaint. Tá sí mar sin ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máighréad Bean Uí Mhistéil
    Gender
    Female
    Age
    77
    Occupation
    Bean iascaire
    Address
    Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry