School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a tháinig an oidhche níor dhein Tadhg aon rud acht dul go dtí an uaigh agus an t-airgead go léir do thógaint agus an bhainríoghain d'fhágaint ar bharr. Sé an nós a bhí ag an Rí ná dul go dtí an uaigh, agus an mhaidean sin tháinig an-eagla air nuair a chonnaic sé an bhainríoghain ar bharra na h-uaighe.
Ghlaoidh sé ar Thadhg agus d'innis sé an sgéal dó, agus sé an rud a dubhairt Tadhg leis ná an oiread eile airgid a chur in aice léi. Chuir an Rí an oiread céadna airgid léi acht ma chuir dhein Tadhg an rud céadna airís. Ba dhóbair gur thuit an t-anam as an Rí nuair chonnaic sé ar bharra airís í. Ghlaoidh sé ar Thadhg agus d'innis an sgéal dó. Se an rud a dubhairt Tadhg leis nár chuir sé a dhóthain airgid léi, da gcuirfeadh ní bheadh an scéal mar sin. Do chreid an Rí bocht é agus chuir a thrí oiread airgid léi acht chómh luath is tháinig an oidhche chuaidh Tadhg agus thóg sé an t-airgead acht an uair sin do chuir sé síos airís í mar bhí a dhóthain airgid anois aige. Bhí fhios aige go n-aithneochadh an Rí é dá bhfanadh sé ag baile chómh luath san, agus mar gheall ar sin d'fhan sé ag obair aige ar feadh mí.
Annsan chuaidh sé abhaile go dtí a mháthair agus thóg sé pálás mór agus mhair ann go sásta as san amach.- Informant
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Gender
- Female
- Age
- 77
- Occupation
- Bean iascaire
- Address
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Kerry