School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Sin é an chéad uair a chuala go raibh sé tinn” ar sise. “Téanam
imtheannta”.
Thug sí suas í sa tseómra, seomra eile. Bhí doras cliathánach as
an gcistin isteach ann is amhlaidh a bhí sé lán suas de daoine ‘na
suidhe ar ghach thaobh ann.”
“Arb ’ aoinne agaibh” ar sise leo “A chuir isteach ar mhac na mná sheo”
“Ní h-aoinne” ar siad san.
Chuaidh sí i seomra eile. Bhí cuid ba mhó ná san ann. “Arb’ aoinne
agaibh” ar sise leo “a chuir isteach ar mhac na mná seo?”.
Bhí sean-duine trom críonna cois na teine. “Is mé mhuise”
ar seisean. “bhí sé ag a leithéad seo do rás agus bhí sé ag gabhailt orm”
“Téanam” arsan bhean uasal. Chuaidh sí amach ag cliathán an
leasa. Phrioc sí luibh di.
“Teír abhaile ar sise “Cuir í sin ag beirbhuí”
Dhein an bhean bhocht amhlaidh. Thug sí trí deocha dó, is d’eírigh sé
cómh maith is bhí sé riamh.
I gcionn tamaill cailleadh bó ar a dearbhfhiair agus chuir
sí teachtaire ag triall uirthi go mbéarfadh sí leí bolg na bó.
“Ní mór liom di féin é” arsan driofúr. D’imthig an teachtaire
abhaile. Niorbh fhada a bhí sí imthighthe nuair do tháinig an cailín
“Ó” ar sise “níor chuadhais ag lorg bolg na bó ar do dhearbhfhiair.
Ná dein. Seo fáinne dhuit, thug mo mhaigheastrás duit é. Tar
ag triall uirthe, cuir an fáinne ort agus chídhfidh tú cad
tú ag crochadh as na Frathacha”
D’imthigh sí leí. Bhuail an bhean uasal leí is thug sí isteach
sa chúirt í. Chuir sí uirthe an fáinne agus nuair do
shroich sí an seomra cad a chidhfeadh sí ag crochadh as(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ua Ruaidhre
- Other names
- Pádruig Ua Ruaidhre
- Patson Ruaire
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Occupation
- Iascaire
- Address
- Lios na Caolbhuí, Co. Kerry