School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 416
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)imtheacht ar fud na tíre ag iarraidh mná. Tháinig sé fhéin agus a uncail chuig teach a bhí ins an áit agus bhí cailín óg ins an teach. D'iarr a uncail dhó í agus fuair sé í acht dubhairt sí leis sul a bpósadh siad go mbéadh air dhá bhó agus capall a cheannacht. Bhí sé an-tsásta na beithidhigh a cheannacht agus nuair a bhí sé ag dul ag an aonach dubhairt sé le na mháthair an teach a ghlanadh agus a réidhteach mar is gearr go mbeidh bean eile san teach inéindigh leat. D'imthigh leis chuig an aonach agus d'fhan a mháthair ins an teach ag glanadh agus ag réidhteach an tíghe. Nuair a bhí an fear ar an aonach cheannuigh sé dhá bhó agus capall. Chuaidh se ar an gcapall agus bhí an dá bhó ag siubhal roimhe. Bhí dún sídheóga ar an mbealach agus nuair a bhí sé ag teacht inaice leis sheas an capall agus ní shiubhalfadh sí.(continues on next page)
- Collector
- Cóilín Seóige
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Informant
- Bríghid Bean Mhic Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Age
- 55
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway