School: Baile Uí Fhiacháin
- Location:
- Newport, Co. Mayo
- Teacher: T. Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chuidh talamh Borrgheisumhail ó támhaibh na mButlérí isteach í lámhaibh na mBurcaí Mhuigheó. Duine des na Burcaigh seo Darb' ainm do Risteárd a Bhrounn an talamh do mhanaigh d'Ord San Dominic i gcóir na mainistreach. Fear dána cogadhamhail ag a raibh a lán droch -gniómhthara deánta aige le lenn a shaoghail do b'eadh Risteárd ach thréigh sémian agus san mainistir sin chun cúiteamh agus aithrighe a d'éanamh. Thug Risteárd na manaigh d'Ord San Doiminic go dtíBorrgheisumhail sa mBliam 1469.
Nuair bhí Annraoi VIII agus Eibhléis ag creachadh na mainistreacha in Éirinn tháinig mainistir Bhorrgheisumhail saor, ach nuair a tháinig Sir Nicolas Malbie go dtí muigheó leag se a lámha reamhdhidha ar. í 1579 bhí Borrghusumhail mar ionad agus bun coghaidh ag Sir Nicholas, ag a throid do le taoiseacha Gaodhealacha Mhugheó. Chuir sé na manaigh as an mainistir agus chuir sé míle saighduirí in a n-ionad.
Níor dhibrigh an mhór creachadh agus géar - leanamhaint seona manaigh as Borrgheis umhail. Bhí(continues on next page)