School: Rathmullan (roll number 14224)
- Location:
- Rathmullan, Co. Donegal
- Teacher: M. Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rathmullan
- XML Page 095
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Nuair a shílfeadh daoine go rabh an t-oileán Inch comhgarach dó'n bhaile seo deirfeadh siad go rabh fearthan air ach dá dhílfeadh siad go rabh sé giota ar shiubhal sin chomhartha aimsire maithe.”
Nuair a shílfeadh daoine go rabh an t-oileán Inch comhgarach dó'n bhaile seo deirfeadh siad go rabh fearthain air ach dá shílfeadh siad go rabh sé giota ar shiubhal sin comhartha aimsire maithe.
Má thig ceo aníos as béal an Locha tá fhios ag daoine go bhfuil aimsear mhaith air ach má thig sé anuas o'n ghleann sin comhartha go bhfuil droch aimsear ag teacht.
Nuair atá fáinne thart fá'n ghealach tá tórman ag teacht.
Má cluintear rontaí ag caoineadh amuigh 'san fhairrge 'san oidhche béidh aimsear olc ag teacht.
Nuair a mbíonn dath na fairrge dubh-glás tá aimsear olc ag teacht ach nuair a mbíonn sí gorm tá aimsear mhaith ag teacht.
Má ghnidh na préachain a gcuid nead ar bhárr na gcrann 'san Earrach béidh Samhradh maith ann.
Nuair a thig na h-eannacha isteach ó'n fhairrge go dtí'n tír sin comhartha go bhfuil aimsear olc air.
Má tá an spéar lán de reulta 'san oidhche tá siocain ag teacht.
Nuair atá solas gorm i dteine dearg sin comhartha go bhfuil fearthain ag teacht
Nuair nach mhaith leis an eallach dul isteach tráthnóna tá aimsear olc air.
Nuair a théigheann an toit suas go díreach sin comhartha aimsire uilce- Collector
- Guendolín Ní hEarcan
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Rathmullan, Co. Donegal
- Informant
- Tomás Ó hOlain
- Gender
- Male
- Age
- 50