School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Léon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 118
- XML “An Gasúr Sí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)An Gasúr SidheBhí lánamhain ann uair amháin agus bhí siad i n-a gcomhnuidhe ag bun Sléibh' gCuilinn. Sé an chéird a bhí ag an fhear ná figheadóireacht agus ní rabh aonduine de chlann aca. Fhad is bhí an fear óg láidir bhí sé ag saothrughadh a bheatha ar fhigeadóireacht acht nuair a thainig an aois air b'eigean dó stad, is bhí siad i n-a gcomhnuidhe go beo bocht.
Trathnóna amháin tigidh bean choimhthigheach isteach chuige nach bhfacaidh sé ariamh roimhe agus ualach snáth léithe. D'fiafruigh sí do'n fhigheadoír a' bhfighfeadh sé giota baínin díthe go rabh sé de dhiothbháil go cruaidh oirthí D'aithin sé nár' bhean de'n t-saoghal seo a bhí inntí agus thoiligh sé an baínín a dheánadh díthe. Dubhairt sí leis an oidhche bhéad sé criochnuighthe go dtiocfad sí fá n-a choinne.
B'fíor é. An trathnóna a gheárr sé an baínín as a' t-seol tigidh an bhean isteach. D'fiafruigh sí caidé a luach saothair. Dubhairt sé léithe gur bh'féidir sin an t-éadach deireannach d'fighfead sé le n-a shaoghal agus nach nglacfad sé aon dath uaithe. "Más mar sin atá", arsa sise, "bliadhain ó anocht rugfar mac óg díbh agus bhéarfaidh sé aire díbh(continues on next page)- Informant
- Máire Nic Bhreartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Address
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal
- Informant
- Seaghan Mhac m mBriartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 39
- Occupations
- Feirmeoir
- Saor adhmaid
- Address
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Donegal