Volume: CBÉ 0441 (Part 2)

Date
1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0120

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0120

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    Seáinín Carac.
    Níor fág Seaínín seo an tealach ariamh acht sa gcluid i gcomhnuidhe. Lá amáin dubhairt a mháthair leis dul amac le haghaidh canna uisge. Rug sé ar an gcanna agus amach leis. Bhuel annsin nuair a bhí sé ag an tobar chonnaic sé breacín san uisge.
    Be dad ar seisean tiubhraidh mé isteach chuig mo mháthair tú, agus ar manam béidh an bhród aici asad.
    Ó ars an breacín fág annseo mé. Ní feidir liom é sin a dhéanamh arsa Seáinín mar iosfhaidh mo mháthair thú. Fág annseo mé ars an breacín, agus rud ar bhith a iarrós tú ar onóir do bhreacín geobfhaidh tú é. Annsin nuair a chuala Seáinín é seo dfág sé an breac annsin.
    Lár na bhárach bhí fir óga an bhaile dul ag baint mionnfhriogh, agus dubhairt Seáinín le na mháthair go racadh sé féin leo. Ce mbeithea ag dul ars a mháthair mar nílir indhan rud ar bith a dhéanamh
    Bhuel dimthighe Seáinín ag baint an mhionnfhriogh agus chroc sé leis ropa a raibh seacht nó ocht do throighthe ar fad ann.
    Nuair a bhí sé ar an sliabh shín sé siar a ropa agus dfhiarr sé ar onóir an bhreacín ualach a chur isteach sa rópa. Gearr go raibh an an rópa lán. Ara ars nu fir óga feach an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    4 November 1937
    Item type
    Lore
    Folktales index
    AT0675: The Lazy Boy
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant