Volume: CBÉ 0441 (Part 2)

Date
1937
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0119

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0441, Page 0119

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ce dubhairt leat mé mharbhughadh ars an rígh, dinnis an dochtúir dhó. Chuireadh fios ar an toifigeach agus nuair sé ós comhair an rígh beigin do dul ar a ghlunai agus a sgeál a innseacht. Nuair a chuala an righ an sgeál rug sé ar an sgian nimhneac agus shaith an toifigeach. Anois ars an rígh le na chuid arm bhí sibh ag gairidhe faoi an comhairle thug an seanfhear dúinn acht breathnuigh anois marach an comhairle sin béinn básuighthe. Cuireadh teachtairí amac ar thóir an sean fhear. Tháinic na teachtairí i gceann cupla lá agus bhí an sean fhear leo.
    Tugadh an sean fhear go dtí an righ agus bhí céad míle fáilte róimhe. Thug an righ culaith bhreágh eadaigh dhó agus nuair a bhí sé nighte glan bhreathnuigh se chomh hóg leis an rig.
    Bhí an oiread sin cionn ag an rígh air gur thug sé a rioghacht féin dhó, agus a inghean le pósadh. Pósadh inghean an rígh leis an sean fhear agus mhair siad suimhneac sáthach ina dhiaidh sin agus bronn Dia ortha triúr mac agus triúr inghean.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    3 November 1937
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant