Scoil: Cill Chláráin, An Fhiacail
- Suíomh:
- Coill Chláráin, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ss. Ó Muineóg
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 436
Galair Leighseanna.
Dealg in Láimh :- Cuirtí teanga an tSionnaigh don Deilg agus ceangailtí píosa éadaigh mór thimcheall na láimhe.
Faithní:- Dá ghfuigeadh duine uiscean earraigh gan bheith á chuardach ,deirtear go gcuirfeadh leigheas ae faithíní.
Tinneas súil:-Da dtéigeadh duine go dtí an tobar Bheannaithe i mbhaile Crainnroimh éirghena geéine chun leigheas d'fhágháil ar tinneas súil agus an t-uisge a cimilt dhá suilibh .Chuirfeadh sé leigheas ortha.
Truich:-Ins an ám fadó dá mbeadh truich ar pháiste da bhfeicfeadh an t-atairnó an máthair aon fhear a bheadh ar chapall bhán d'iarrfaidh air leigheas a thabhairt dóibh ar an galar agus dhá mbhéadh sé ábalta leigheas a thabhairt dóibh bheadh an páiste maith arís.
Tinneas Fiachail:-cuirtí fróg isteach in a mbéalagus cimiltí e ar an bhfiacail in a bheadh an phian air agus beidís slán.
Bruithineach :-Beirtí bainne an ghabhair agus nuair a bheadh sé géar oltaoí é .Sin leigheas ar an mbriuitíneach san ám fadó.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghreadh Ní Chatháin
- Inscne
- Baineann