Scoil: An Clochar, Cill Ruis
- Suíomh:
- Cill Rois, Co. an Chláir
- Múinteoir: An tSr. Pól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Cill Ruis
- XML Leathanach 474
- XML “Naomh Seanán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Seanán ag tabhairt aire chun na bó do tosnuig na gamhna ag iarraidh dul isteach chun na bó. Acht do coimead Seanán amach íad len a bhata. Chuir sé an bata idir na ba agus na gamhna.Chuaidh Seanán i gcath mór i gcoinnibh namhad a treabh. Bhí an buaidh ag an namhad agus theich an treab. Chuaidh Seanán i bhfolach ar chúl stacha cruithneachtain. Thosnuig an talamh in a timcheall acht gháinig Seanán agus an stacha slán as. Nuair bhí sé ag iarraidh biadh i dtig taoisigh dhuiltaigh an cailín aimsire é. Do thóg Seanán an bothar aris acht nuair bhí na doaine ag ithe an bídh do thosnuig fiabhras ag bhrisedh amach in a measg. Do chuireadar teachtaireacht in a dhiaidh chun é do thabhairt ar ais. Nuair tháinig go dtí an tig d'ith sé píosa de'n biadh agus cuaidh an fiabhras.Deirtear nach bhfuil aon bean curtha in Inis Cathaig. Bí a dheirbhsiúir Imí curtha anna gus deirtear gur chuaidh a -huaig ar snamh(leanann ar an chéad leathanach eile)