Scoil: Liscannor (B.) (uimhir rolla 4435)

Suíomh:
Lios Ceannúir, Co. an Chláir
Múinteoir:
Dónall Mac Cárthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0618, Leathanach 125

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0618, Leathanach 125

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Liscannor (B.)
  2. XML Leathanach 125
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí righe ann fadó agus is fadó a bhí agus bhí bramach stail aige agus do chuir sé in uaig fá thalamh é ar feadh seacht mbliadhain.

    Bhí ríthe ann fadó agus is fadó a bhí agus bhí bramach stail aige agus do chuir sé in uaig fá thalaimh é ar feadh seacht mbliadhain. Agus ní raibh de beatha aige acht cruithneacht agus fíor uisge a thabhairt dó. I gcionn seacht mbliadhain cuir sé scoil at bun feachaint a bfaghadh éinne chun a chapaill do thiomáint agus fuair sé fear breagh láidir. Dubhairt sé le'n a thiomáinaidhe srian agus diallait a chur ar an gcapall agus dul ag marcuigheacht agus ná stad no go ndeacaidh sé isteach sa bhfairrge. Do snáimh sé leis agus cuaidh sé anonn go h-oileán a bhí ann agus bhí sé cóimh miníghthe le aon [staighín?] a bheadh ag tarrach ghainmhidhe i rith an t-séasúr. Annsan nuair a tháinig an tiomáinaidhe ar ais do chonnac sé bean ag cíoradh a cinn, cinn óir agus airgid aici.
    Ansin d'fhiafruig sé de an raibh aici a cuirfeadh a chapall sa stábla. Dubhairt
    sí go raibh cruaca annsin agus an t-srian agus an diallait a chur air agus cuirfeadh an capall sa stábla. Annsan chuaidh sé 'na codhladh agus bhuail sé biorán de ar an úrlár. D'fhan an cailín an tárna lá agus do dhein sí an cleas céadhna.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine nic Aodha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Clochán, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Seán de Cláir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    86
    Seoladh
    Beaghy, Co. an Chláir