Scoil: Scoil Bhríde, Liosceannúir

Suíomh:
Lios Ceannúir, Co. an Chláir
Múinteoir:
Dónall Ó Seasnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0618, Leathanach 054

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0618, Leathanach 054

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Bhríde, Liosceannúir
  2. XML Leathanach 054
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach sa Cheantar seo”
  4. XML “Cistí Óir i bhFolach sa Cheantar seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    54
    (ar leanamhaint)
    Chnúsaighthe ag Aguistín agus Eibhlín Ní Chártaigh,
    ó Bhailletíarach óna hathair Aguistín Mach Chárthaigh
    10
    Deir Seán Cláireach in-aois 90 bhl go bhfuil óir le fáil in a lán áiteanna sa pharóiste seo. Chur i gcás i Gleann Caillighe, i Leach na Sagairt, i bPoll Uí Dhuinnín. Deir sé freisin go bfuil seacht achraí d'óir i nDún Feidhlim in aice le Dún na Gabhar.
    11
    Chuaidh fear áirighthe ghá lorg Domhnach amháin nuair a bhí an t-Aifreann dá léigheadh mar dubhairt an sagart leis ná féadfhadh le h-aoinne an t-ór fhágháil ach amháin nuair a bheadh an cailís d'ardú ag an sagart.
    12
    Nuair a chuaidh sé go dtí an áit do chuir madra fiadhaine ruaig air.
    13
    Tá ór le fághail san cé an áit na rugadh Domhnall Mhicí, agus tá fear spiorad ag tabhairt aire dhó.
    Chuaidh triúr fear uair amháín chun é fághail agus fuaireadr amach go raibh cú=tíghe mar gárda air.
    Do chuir an chú=tighe ruaig ortha.
    14
    Fuair Pádraig Ó Dáibhídhe trí fáinne óir agus cnap óir a mhéaduigh seacht bpúint in - aice le Chaisléan an Mhothair. Fuair sé £7 nó £8 ortha ó fear in Inisdíomáin.
    Cnúsaighthe ag Máire Ní Chonsaidín
    Cinnfhaillte, fuair sí ó Seán Clárach iad, an fear is sinne sa pharóiste 90bl
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. 54

    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Uí Chonsaidín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cionn Eilte, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Seán Clárach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    90
    Seoladh
    Lios Ceannúir, Co. an Chláir