Scoil: Turraichín, Goold's Cross (uimhir rolla 15273)
- Suíomh:
- Toirthín Uachtarach, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tobar na Beárnan i n-aice le Bearna na Gaoithe idir sleibhte an Ghabhaláin agus sléibhte na Grága i nGleann Mór i bparróisde Cathair Domhnall.Bhí driotháir agam, Éamon a b'ainm do. Bhí se lá mar seo 'na sheasamh ar árdán atá laistiar de chúl a tighe i nDoirín Eiréig. (?) Scread sé amach gur aimsig duine éigin sa tsúil é le buileadh.Ní fheacadh sé éinne acht suid isteach sa tig é ag gol le tinneas sa tsúil agus í ag sileadh. Chaill an tsúil a radharc, agus níor fhág mo mháthair Tobar Beannuighthe o Loch Cuinnleáin go Tobar Rí an Domhnaig nár thug sí turus ann leis. Sa deireadh chuaidh sí go Tobar na Beárnann agus thug turus ann leis. Taréis a thurais agus a shúile a nighe leis an uisge chonnaic sé bricín sa Tobar agus as san amach bhí sé ag dul i bhfeabas gach lá agus níor bhfada go raibh chomh maith agus abhí riamh.
Pilib O Chiarmhaic a leasa aos 78 bliain
Tógtha síos lá Fhéile Pheadair agus Póil 1934,
Pilib O CearmhaicLios Cuan an Chaisleaín
Cill-Áirne- Bailitheoir
- Pilib Ó Ciarmhaic
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Lios, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pilib Ó Ciarmhaic
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 79
- Seoladh
- An Lios, Co. Chiarraí